Forbhreathnú

Ag tacú le folláine leanaí
Is cur chuige scoile uile atá bunaithe ar fhianaise í Mo Dhialann Folláine, agus is é curaclam an Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte atá mar bhonn fúithi. Sa tréimhse éiginnte seo, is uirlis iontach í chun cabhrú le leanaí a litearthacht mhothúchánach agus a dteacht aniar a fhorbairt, chomh maith le dearcadh folláin ar an gcodladh, an bia agus an aclaíocht a chur chun cinn.
Tabhair spléachadh ar na Leabhair agus ar na hAcmhainní inniu!
#féachaintaranbhfíseán
Féach ar an bhfíseán gearr seo
Watch this video for the details of My Wellbeing Diary.

San áireamh le Mo Dhialann Folláine:
- Leabhar an Dalta, ina bhfuil:
- Leathanaigh dhialainne chun aireachas a fhorbairt agus chun cabhrú le leanaí aird a thabhairt ar a smaointe agus ar a mothúchán.
- 10 modúl foghlama a chlúdaíonn gach gné den fholláine – ceann do gach mí ó Mheán Fómhair go mí Iúil.
- Treoir ar líne do mhúinteoirí ina bhfuil mapáil curaclaim, nótaí do thuismitheoirí agus pleananna mionsonraithe do na ceachtanna, chomh maith le cuir i láthair PowerPoint chun tacú le teagasc gach modúil foghlama.
- Físeáin chun tacú le forbairt an aireachais, lena n-áirítear análú le bolg, scanadh coirp agus scaipeadh smaointe.
Seimineár ar líne do Mhúinteoirí Bunscoile: An fholláine á cothú sa tréimhse dhúshlánach seo
D’óstáil muid Seimineár Folláine ar líne le Stella O’Malley; thairg sí comhairle ar an bhfolláine do mhúinteoirí maidir le haire a thabhairt duit féin sa tréimhse éiginnte seo.
Thug Karen Wogan, Ceann na Foilsitheoireachta Bunscoile, an lucht féachana trí Mo Dhialann Folláine, agus léirigh conas a chabhraíonn an Dialann le litearthacht mhothúchánach leanaí a fhorbairt.